SENIOR CO. LEAGUE DIVISION 1 - ROUND 9 - 23/7/2017 2017-07-23 22:39:00

An Ghaeltacht 2-16, Ó Céirín Ó Rathaile 1-10

Bhí bua neafaiseach ag foireann na h-áite i nGallaras na gréine tráthnóna.
Ba léir ó thús go raibh Ó Céirín Ó Rathaile in éagmais roinnt mhaith imreoirí, na h-imreoirí contae agus Tommy Walsh san áireamh.
Le Seán Ó Gairbhí go mór in uachtar i lár a ghoirt don nGaeltacht, bhíodar gafa 1-4 le 0-1 chun cinn tar éis 15 nóimeat, báide na Gaeltachta ag teacht ó Sheán M Ó Conchúir tar éis ard obair ó Óigí Ó Sé agus Éanna Ó Conchúir,
Bhí Dara Ó Sé ana chruinn leis an aimsiú in aghaidh na gaoithe sa chéad leath agus fé leath ama, bhí an Ghaeltacht gafa 1-8 le 0-6 chun cinn.
Fuair Seán M Ó Conchúir báide eile don nGaeltacht sa 40ú nóimeat tar éis do chosantóirí ÓCÓR an chaid a chailliúint ar a slí amach as na cúil.
Ainneoin tréan iarrachtaí ó Danny O’ Sullivan, Gearóid Dillane agus Tom Hoare d’fhoireann Thrá Lí, bhí an Ghaeltacht os cionn a mbuille agus ábalta seisear ionadaithe a chur chun páirce sa dara leath gan cur isteach ar iarrachtaí ná ar rithim na foirne.
B’iad Cian Ó Murchú agus Dara Ó Sé ba mhó a luigh amach orthu féin sa dara leath don nGaeltacht agus ainneoin báide déanach ag Pádraig Grifin do ÓCÓR, bhí rith an ráis le foireann an Gaeltachta atá gan a bheith cloíte sa tsraith ón 8ú Aibreán nuair a bhuaigh Dr Cróc orthu.