AN GHAELTACHT 0-18 MILLTOWN/CASTLEMAINE 0-07 2017-07-10 21:41:00

An Ghaeltacht 0-18     Baile An Mhuilinn/Caisleán na Mainge 0-07

Don dara chluiche as a chéile tá dhá phointe sraithe buaite ag foireann na Gaeltachta. D’aimsigh an Ghaeltacht trí phointe sa chéad dá neomataí. Pointe an duine ag Seán M Ó Conchúir, Cathal Ó Fiannachta agus Padraig ó Sé. Bhí 7 neomataí imithe agus bhi an bhearna laghdaithe go aon phointe amháin ag Baile an Mhiulinn/Caisleán na Maigne. Dha phointe i ndiaidh a cheile aimsithe ag Jack McCarthy agus Gavin McKenna. Ach as san go deireadh an chéad leatha bhí an Ghaeltacht i bhfad ró mhaith dhóibh. Fuaireadar seacht bpointe eile Péire ó Colm Vegas Ó Muircheartaigh, agus pointe an duine ó PJ mac Láimh Tomás Ó Sé, Dara ó sé agus ag deireadh an chéad leatha, ceann eile arís ó rob Ó Sé. Sa tréimhse chéanna fuair na cuairteoirí dhá scór eile- saor chic ó Jack MacCarthy agus ceann ón imirt Ó Gavin McKenna. An scór ag leath ama An Ghaeltacht 10 BMCM 0-4


B’iad foireann na háite a thosaigh an dara leath níos tapúla agus bhí pointe aimsithe ag Tomás ó sé taréis neomat . Dhá neomataí ina dhiaidh san bhí ceann eile acu Eanna Ó Conchúir ó cic 45 méadair. Fuair na cuairteoirí trí phointe ina dhiaidh a chéile ansan ceann ón imirt agus an san saor chic ó Cathal Ó Muirtheartaigh agus ceann ón imirt ó Mike Burke. Ach sin uile a fuair BMCM. Bhí cúpla deis acu ar bhaidí ach ní rabhadar ábalta buachtaint ar an Thomás Mac an tSaoir sa bháide. Seacht bpointe eile a fuair foireann na h-áite roimís deireadh an chluiche. Dhá cheann ó Eanna & péire ó Sean Michael Ó Conchúir. Fuair Tomas ó Sé Sean Ó Gairbhí agus Dara Ó Sé na scóranna eile. Bua mar sin do fhoireann na háite agus iad san ag tabhairt aghaidh Dé h-Aoine seo chugainn ar an nDaingean .