SFL Back game: An Ghaeltacht 2-13 An Daingean 0-13 2017-06-23 22:30:00



SENIOR CO. LEAGUE DIVISION 1 – 23RD/24TH JUNE 2017

An Ghaeltacht 2-13     An Daingean   0-13


Bua eile don nGaeltacht i nGallaras agus iad gafa ar chomhtharrac leis an nDaingean anois ar 8 bpointe sraithe araon.

Bhí an dá fhoireann braiteach go maith ins na nóimeataí tosaigh le salachar ceobhráin agus scioradh na caide ag cruthú deacrachtaí ón dá thaobh.

Fuair Éanna Ó Conchúir an chéad scór d’fhoireann na h-áite agus ainneoin roinnt iarrachtaí fónta, ní raibh ag éirí leis an nDaingean sa chéad 5 nóimeataí sara bhfuair Cathal Ó Bambaire a gcéad scór ó chic saor.

Tomhaiste go maith agus breac le botúin a bhí an tréimhse a lean, le Conchúr Ó Géibheanaigh agus Seán M Ó Conchúir ag babhtáil na bpointí.

Bhíothas fós ar chomhtharrac 0-3 an taobh, tar éis breis is 20 nóimeataí, ach a bhfuair Óigí Ó Sé ana bháide don nGaeltacht. B’sheo ar ais leis an nDaingean agus ana dhá chúilín ag Ó Géibheananigh le freagra pras ó Éanna Ó Conchúir- 1-4 le 0-5.

As san go leath ama, bhí an Daingean níos tréine san imirt, iad ag baint na seilbhe dá gcéilithe comhraic go minic agus iad níos aibí ar aghaidh an bháide, leis. Sa tréimhse seo , fuair Aodán Ó Conchúir agus Barra Ó Súilleabháin pointí chun na foirne a fhágaint ar chomhtharrac 1-4 le 0-7 ag ½ am.

Tháinig Marc Ó Sé chun páirce do Roibeard Ó Sé ag leath am le Seán Ó Gairbhí ag dul go lár páirce.

Fuair an Ghaeltacht sé phointe as a chéile sa chéad dhá nóimeat déag den dara leath agus d’fhéadfaí a rá gur anseo a buadh an cluiche. Cathal Ó Fiannachta, Dara Ó Sé, Éanna Ó Conchúir (45), Óigí Ó Sé, Seán M Ó Conchúir (0-2, 0-1f) a dhein an scóráil sara n’aimsigh PJ Mac Láimh báide iontach ar an bhfrith ionsaí chun solas an lae (2-10 le 0-8) a chur idir na foirne.

Fuair Ó Géibheannaigh pointe eile don nDaingean ach bhí dhá phointe breá ag Óigí Ó Sé mar fhreagra ar sin don nGaeltacht sara n’aimsigh an t-ionadaí Garreth hIcí Ó Brosnacháin pointe don nDaingean- 2-12 le 0-10 agus sinn ag teannadh le deireadh.

Bhabhtáil Tomás Ó Sé agus Cathal Ó Bambaire pointí sara bhfuair Tomás Mac an tSíthigh agus Ó Géibheannaigh pointí sóláis don nDaingean agus an Ghaeltacht ag cosaint a bpaiste go tréan ins na nóimeataí deireanacha.


An scór deireanach 2-13 le 0-13 don nGaeltacht.